Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tomhaiseanna

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 202

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bíonn sé thall agus bhíonn sé abhus,
Bíonn sé i gConachta na gcrus,
Air an eich cleamhain liath
'S ann s na coilltibh a mbidheann an meas.
-Ceo
Tomhais chugam, thomais thart
Gad-é brígh na gceithre slat
'S gad-é 'n dealg a bhain Fionn as a' bhrat
-Bior siocáin
Shuidh mé síos 'gus chuartaigh mé é
Dá bhfaghain é ní béarfainn liom é
Nuair nach bhfuaireas thugas.
- Dealg in mo chois.
Cailleach i gcoil is airde glaimh
Puisiní iarann 's fiacail chruinn.
-Tuagh
Lán a' tighe de chaoiribh bána
'S caora dhearg ina lár.
-Do theanga.
Tobán gan tón
'S é lán le feoil duine.
-Méaracán tailliúra.
Leine a rinneadh 's nó de lín
Do mhac ríogh a bileadh le buadh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Siubhán Ní Dobhraoin, Julia Davern
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Peigí Bn Uí Dobhraoin, Peggy Davoren
Gaol
seantuismitheoir
Inscne
baineann
Aois
96
Seoladh
An Chathair Dhubh, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge