Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a chuala sé go raibh an dearbhrathair do b’annsa lena chroidhe caillte.
Bhí droch chulaith éadaigh ar Thadhg, ní nach iongnadh agus bhí culaith maith ar an bhfear a chuaidh suas. Bhí faitchios ar Thadhg dul abhaile ar eagla nach leigfeadh a bhean go dtí an tsochraid é – sise a bhí ag caitheamh an bhríste, tá’s agat. Bhuail smaoineadh ‘n-a cheann. D’iarr se an culaith éadaigh ar an teachtaire go dtiocfadh sé aníos tar éis a dhearbhrathair a chur. Níor mhaith leis an bhfear eile é a eiteach ags rinne siad an mhalairt. Bhí an teachtaire ag fanacht leis an mnaoi go bhfillfeadh Tadhg. Ar ndóigh ba mhór an chosamhlacht a bhí eatorra beirt. Leis sin d’arduigh Tadhg an brosna air agus bhuail gach duine acu a bhóthar féin.
Bhí ar an teachtaire dul treasna abhann – áit nach raibh ach clár adhmaid le siubhal air. Nuair a bhí sé leath-bhealaigh tháinig sinneán gaoithe. Caitheadh isteach sasn abhainn é agus báitheadh é.
Nuair a bhí an oidhce a’ teacht chuaidh bean Thaidhg amach ‘ga thóirigheacht acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Eithir
- Ainmneacha eile
- Máire Ní Eithir
- Mary Haire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Oiscin
- Ainmneacha eile
- Liam Ó Oiscin
- William Heskin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo