Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Caisleán na hÉille (The Neale) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

I bhfad ó shoin bhí fear darbh ainm dó Tadhg Ó Laife ‘na chomhnuidhe ar an Oileán Mhór. Bhí beirt nó triúr dearbhathair aige. Bhí siad beó bocht agus dubhairt Tadhg leis féin go rachfadh sé amach chun slighe bheatha a shaothrúghadh dó féin. Bhí go maith agus ní raibh go holc. D’imthigh sé leis go Conndae na Gaillimhe agus fuair sé maoirseacht annsin.
Níorbh fhada dó ann gur phós sé bean de mhuinntir Oireachtaigh. Bean caol árd a bhí innti agus ní le grádh do Thadhg a phós sí é ach le saint do’n phost seasmhach a bhí aige. Réidhtigh an lánamhain nua-phósta go maith le n-a chéile agus bhí saol compórtamhail go leor aca.
Bhí Tadhg sgathamh maith thuas ann nuair a cailleadh dearbhathair dó sa mbaile. Chuaidh cunntas suas aige le le comharsain muinntreach dhó. Do shroich an fear seo teach Thaidhg tar éis aistir fada. Bhuail sé isteach agus ní rasibh aoinne istigh ach bean Thaidhg. D’fhiafruigh sé dhi cé’n áit a raibh Tadhg Ó Laife agus d’innis sí dhó go raibh sé thíos sa gcoill ag baint Brosna. Ghabh sé síos san gcoill agus do nochtaigh sé a dhroch-sgéal do Thadhg. Thosuigh Tadhg a’ béiceadh, a’ caoineadh is a’ greadadh bos le briseadh croidhe

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Eithir, Mary Haire
Inscne
baineann
Seoladh
Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Liam Ó Oiscin, William Heskin
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
77
Seoladh
Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge