Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Caisleán na hÉille (The Neale) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

bhí ar an mnaoi oíg, acht ní raibh aon slighe le dul amach acu.
Bhí aon gaduidhe amháin fághta sa teach agus bhí an eochair aige-san. Rug Geilis ar barra mó iarainn a fuair sé san áit agus bhuail sé buille ar an ngaduidhe leis agus mharbhuigh sé é ar an noiméad.
Fuair sé an eochair agus chuadar amach chomh tapaidh is d'fhéadarar. Chuadar ar an bóthar mór arí go dtí an Fhrainnc, agus geallaim-se duit gur thugadar do na cosaíbh iad.
Taréis trí lá bhíodar gar do Phálás athar na mná óige. Chuir sí fios chuig an ríogh annsin go raibh sí féin agus an fear a sábháil a saoghal ag teacht.
Shroicheadar an pálás agus d'innis an bhean óg dá h-athair cé bhí léi, agus dubhairt sí leis nach bpósfaidh sí aoinne acht Geilis.
D'innis sí an sgéal dó ó thuas agus pósadh Geilis agus inghean rígh na Frainnce.
Má shaothruigh aoinne rud ar bith ariamh do shiotruigh seisean an bhean sin.
Nuair a fuair an rí bás bhí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Eibhlín Ní Mheith, Nellie Maye
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Nóra Bean Uí Mhuráin, Mrs Morrin
Inscne
baineann
Aois
56
Seoladh
Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge