Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'fhiafruigh siad an ceist ceadna de agus ar seisean, "Tá sibh as bealach ar fad. Caithfidh sibh dul ar ais arís leath-mhíle agus dul suas an bóthar atá ar do lamh chlé.
Dubhairt an bhean óg go mb'fhearr dóibh dul ar ais agus chuadar. Níorbh fhada a bhíodar imtighthe suas a bothar eile gur casadh dáréag gaduidhe ortha agus thug siad Geilis agus an bean óg leo go dtí teach a bhí acu faoi'n dtalamh. Bhí sórt dorais ag dul isteach. Cheangladar iad agus d'fhágadar annsin iad agus chuadar amach arís.
Bhí a lán rudaí san geábán sin a ghoid siad ó dhaoine. Thug Geilis fá deara go raibh píosaí móra ime ann, agus bhí franncaigh ag teacht agus ag ithe an ime. Do scráil sé fhéin go dtí an t-im agus chuimil sé an rópa a raibh a lamha ceangailte leis in agaidh an ime. Luigh se annsin go han-chúin.
Níorbh fhada go dtáinig na franncaigh agus thosuigheadar ag ithe an ime a bhí ar an rópa agus ag gearradh an rópa lena fíaccla. Nuair a sgaoileadh Geilis gearr sé an rópa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mheith
- Ainmneacha eile
- Eibhlín Ní Mheith
- Nellie Maye
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mrs Morrin
- Ainmneacha eile
- Mrs Morrin
- Nóra Bean Uí Mhuráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo