Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus fuair sé go leor airgid ortha chun í thabhairt thar nais go dtí an Fhrainnc.
Ní raibh aon slighe taistil an uair sin mar ní raibh traen ná gluaisteán na cárr ann.
Aon lá breágh amháin thosuigh sí ar a h-aistear. Nuair a bhí sí cúpla uair imthighthe, bhí Geilis ag éirge go han-bhrónach agus d'imthigh sé in a diaidh. Le teacht an trathnóna tháinig sé suas leithi. D'fhiafruigh sí de cé'n fáth a raibh sé gha leanamhaint.
Dubhairt seisean go rachadh sé léi ar a h-aistear go dtí an Fhrainnc, go bhfuighidhis dhá sheomra in gach áit dá bhfúigidhís lóisdín agus nach mbéadh se sásta go bhfeicfeadh se í slan sabhalta abhaile. Dubhairt sí leis dul abhaile acht ní raibh aon mhaith ann. Chuadar leo ag siubhal.
I gcoinn tamaill cheannuigh siad péire capall agus chuir siad a lán den bhealach díobh ag marcuigheacht. Taréis sgathamh d;éirig ganntanas airgid ortha agus b'éigin dóibh na caiple a dhíoladh le biadh a cheannach.
Sa deireadh bhí an t-airgead go leir caithte agus ní raibh aon biadh le fághail. Tháinig siad chomh fada le foraighis mhóir uathbhásaigh. Bhí siad traochta amach leis an ocras. D'iarr sí air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mheith
- Ainmneacha eile
- Eibhlín Ní Mheith
- Nellie Maye
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mrs Morrin
- Ainmneacha eile
- Mrs Morrin
- Nóra Bean Uí Mhuráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo