Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Geilís na gCos nDubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Diallaidh airgid in a seasamh in a choinne. "Bhfuil fhios agat cá bhfuilimíd ag gabháil anocht," arsa ceann aca leis. "Táimíd ag dul do'n Fhrainnc", ar siad-san, "le inghean Rígh na Frainnce a fhuadach ar ais linn, mar ní mór dúinn fear beo len í chuir ar a chúile." Dubhairt siad annsan leis na capallaibh[?] eirghe agus dul thart, agus d'éirigh siad sa spéir agus tháinig siad anuas sa bhFhrainnc. Chuaidh siad suas chomh fada leis an bpalás an áit a raibh na daoine móra cruinnighthe agus nuair a bhí an bhean óg ag dul suas go dtí an altóir le í a bheith pósta le rí eile nach raibh aon suim aici ann shín ceann de na sífheóga a chos amach roimpi agus thuit sí.
    Sguab siad leo chun bealaigh í agus chuir siad suas ar chapall. Gheilis í agus sin é an áit a raibh fhios ag duine ar bith ca ndeachaidh sí.
    Bhí na daoine maithe ag imtheacht leo annsan agus nuair a thangadar chomh fada leis an bhfairrge dubhairt siad leis na capallaibh éirghe agus dul thart, agus d'eirigh na caiple suas sa spéir agus tháinig siad anuas sa sean-lios.
    Leim Geilis anuas de'n chapall agus rug sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Mheith
    Ainmneacha eile
    Eibhlín Ní Mheith
    Nellie Maye
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mrs Morrin
    Ainmneacha eile
    Mrs Morrin
    Nóra Bean Uí Mhuráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo