Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí buachaill i gCo. Mhugheó is níor nígh cos ó rugadh é. Geilis an t-ainm a bhí air agus mar nár chuir aoinne ar bith air na cosa a nigheadh thugadar "Geilis na gCos Dubh" mar ainm air. Is minic adubhairt a athair leis éirge agus na cosa a nigheadh acht ní raibh aon mhaith dó beith leis agus thug sé bhuile sa leiceann dó aon aoidhche Shamhain amháin, agus chuir sin fearg air. Chuaidh sé amach agus bhí sé ag deanamh broín leis an ngealaigh nuair nach raibh aoinne le bagairt a dhénamh air. "Nach aoibhinn duit, a ghealach bán," ar seisean, "atá ag dul thart, dul thart, mar is mun leat fhéin agus ní fhéadfadh duine ar bith tá do chacadh ná do chuir ar gcúl. Mo bhrón gan mise mar thú." Is ar éigina bhí na focla as a béal aige nuair a chuala sé torann mór i bhfad uaidh agus céard a bhí ann acht an sluagh sidhe a bhí ag dul isteach i lios a bhí in aice le na thigh agus gach uile cheann acu ag glaodhach amach go hárd: "Mo shrian, mo chapall, agus mo dhiallaid." Ghlac Geilis misneach agus glaodh sé fhéin amach, "Mo shrian, mo chapall agus mo dhiallaid." Ghlach Geilis misneach agus glaodh sé fhéin amach, "Mo shrian, mo chapall agus mo dhiallaid." Annsin d'fiafruighceann de na daoine maithe de an raibh sé ag teacht leo anocht agus dubhairt sé go raibh. Ba ghearr go raibh capall breágh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mheith
- Ainmneacha eile
- Eibhlín Ní Mheith
- Nellie Maye
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mrs Morrin
- Ainmneacha eile
- Mrs Morrin
- Nóra Bean Uí Mhuráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo