Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 157
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Och, gan mé thiar."Bhí fear fadó i gCo. Mhuigheó agus phós sé bean as Iar-Connachta. Ní raibh lochta ar bith le fágháil aice i dtosach acht ba ghearr a bhí siad pósta nuair a thosuigh sí ag dul amach ag binn a' tighe chuile trathnóna ag leigint osna agus ag rádh: "Och, gan mé thiar, och, gan mé thiar", i roth is go gcloisfidh a fear í.
Sa deireadh, d'éirigh sé an-tuirseach le bheith ag éisteacht léi agus d'éirigh sé go moch aon mhaidin amháin agus ghléas sé é fhéin agus chuaidh sé siar chomh fada le teach a muinntir. Céard a bhí ann acht sean-botháinín salach. An tsean-bhean, na cearca, agus na gabhair in a gcodladh le chéile in aon seomra bheag amháin.
Tháinig sé ar ais abhaile. Níor leig sé air fhéin cé'n áit a raibh sé imthighthe acht nuair a chuaidh sí amach ag binn a' tighe arís, chuaidh sé amach in a diaidh ag déanamh aithrise uirthi agus ag magadh fuithi agus rinne sé an rann seo:
Och, gan mé thiar, och, gan mé thiar,
In áit a bhfuil an gabhar ar iall
Ceann na caillighe ar a stoca
Agus coc na circe ar a giall.
Ba leor é sin dí agus mise i mbannaibh nár chuala aoinne "och gan mé thiar" as a béal arís an fhaid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac An Bháird
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76