Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair d'éirigh sé ar maidin bhí an girrfiadh ar an mbord i gcomhnuidhe.
Mar gheall ar an rud a thárla an oidhche roimh ré níor mhaith leis an girrfiadh d'ithe acht bhí an croiceann ag teastáil uaidh chun é a chuir ar tiarach an asail acht bhí eagla air rud ar bith a dhéanamh leis an girrfiadh. Mar sin thug sé go dtí fear darbh ainm Páidín Ó Fhloinn é agus d'fiafruigh sé de, an girrfiadh a fheannadh dó agus dubhairt sé leis go bhféadfaidh sé an feoil a bheit aige féin.
Nuair a bhí sé feannta go dtí a dhá chluais aige, léim an girrfiadh as a láimh. Rith sé go dtí an doras. Rug sé ar an maide a bhíodh ag coinneál an dorais fosgailte. Chaith sé é le Páidín agus bhuail sé sa tsrón é. Chuir sé fuil go talamh leis.
Amach leis an girrfiadh sa bóthar agus dubhairt sé go ndíbreochaidh sé as Bóthar Buidhe é. Sin é an t-ainm a bhí ar an áit in a raibh Páidín Ó Fhloinn in a chomhnuidhe. D'imthigh an girrfiadh leis treasna na páirceanna nó go ndeachaidh sé isteach sa lios. Ní raibh sé sé mhí in a dhiaidh sin go mb'éigin do Pháidín agus a chlann imtheacht as Bothar Buidhe.- Bailitheoir
- Winnie Warde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pat Warde
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo