Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “An Giorria Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "An Girrfiadh Sidhe."
    Uair amháin bhí fear darbh ainm Seán Ruadh agus 'sé an tslighe bheatha a bhí aige ná ag obair ar na bóithre. Lá áirithe bhí sé ag obair ar an mbóthar taobh thiar de Bhaile an Ródhba. Chuaidh faibhléara thart agus bhí go leor girrfeidhthe aige agus thug sé girrfiadh do Sheán. Léim a chroidhe le háthas nuair a fuair sé an girrfiadh mar dubhairt sé leis féin go mbeadh dinnéar breagh aige an lá dar gcionn.
    Nuair a tháinig Seán abhaile an trathnóna sin bhí sé ró-thuirseach chun an girrfiadh a fheannadh agus leag sé ar an mbord é. Sul a ndeachaidh sé a chodladh scap sé fataí ar an urlár le haghaidh na gcearc ar maidin. Istigh sa teach a bhíodh na cearca aca an uair sin. I lár na hoidhche chuala Seán na cearca ag glaodhach agus ag eiteall anonn is anall sa chistin. Léim sé suas sa leabaidh agus rith sé anuas go dtí an cistin.
    Céard a chonnaic sé acht an girrfiadh a bhí mar dhóigh dhe marbh in a shuidhe ar an urlár agus é ag ithe na fataí a bhí le haghaidh na gcearc. Ní dhearna Seán acht greim d'fhágháil ar bhata mór láidir a bhí ar chúl an dorais agus cúpla bhuile a bhualadh ar an girrfiadh leis agus mharbhuigh sé é. Chaith sé ar an mbord é arís agus chuaidh sé a chodladh go maidin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Winnie Warde
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pat Warde
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo