Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “Gliceas Bheisín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an fear agus a bheirt mhac ag baint na fataí. Thug Seán an t-asal leis go dtí an páirc. An uair sin sé an dinnéar a bhíodh ag na daoine ná fataí rósta agus bainne. D'aduigheadh siad teine agus chuireadh siad an méid fataí a bhíodh ag teastáil isteach sa teine chun iad a róstadh. Bhí an fear seo agus a bheirt mhac ag réidhtiú le haghaidh an dinnéir. Chuir siad na fataí síos sa teine. Nuair a bhí siad rósta rinne siad carnán beag díobh in aice leis an teine.
    Do thaithnigh fataí rósta go maith le asal Seáin Ruaidh. Chuaidh sí go dtí an teine agus bhí sí ar tí ceann de na fataí a ithe nuair a chonnaic an fear é. Rith sé anonn chuici chun í a thiomáint léi. Bhí sé bacach agus nuair a bhí sé ag teacht in a haice thuit sé síos ins an díoga idir dhá iomaire. Rith an asal anonn agus thosuigh sí ag léimnigh anonn 's anall treasna an fear. Bhí eagla ar an fear éirigh as sin agus b'éigin dó fanacht ann. Nuair a chonnaic an beirt mac é sin tháinig siad anoll chun a n-athar a shábháil. Rinne siad iarracht ar an asal a fhuagairt acht rith an t-asal in a ndiaidh agus d'fhuagar [> do ruaig] sise iad-san. Ritheadh sí anonn go dtí na fataí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Nic Bháird
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac an Bháird
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo