Scoil: The Neale (B.)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac an Bháird
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: The Neale (B.)
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Scéal faoi Thaibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann uair amháin agus theigheadh sé amach gach oidhche ag sgóraidheacht le na comharsanaibh, agus ní thiocfadh sé abhaile go dtí breacadh an lae. Bhí a bhean ag rád leis i gcómhruidhe go mba mhaith léiti da mbéarfadh na taidhbisc air oidhche eicínt, agus annsin ar sise "tiocfaidh tú abaile in am"
    Oidhche amháin agus é ag teacht abaile glaodhadh air, stad sé agus dúbhairt duine eicínt leis "Tóg é seo" "Tóg é seo". Thóg sé agus céard 'bhí ann acht páisde óg a bhí [?]goidthe ag na taidhbhise. Níorbh fhéidir leobhtha páisde a ghoideadh gan congnamh a fhágha ó dhuine saoghalta, agus sin é an fáth a ghlaoidh sé ar an bhfear. Bhuail an fear an páisde faoi'n a chóta agus dúbhairt sé "beannacht Dé le mo leanbh agus thug sé abhaile go dtí a teach é. Nuair a ghoideann na taidhbhise páisde deirtear go gcuireann siad taidhbise i bhfuirm páisde marbh ina áit, agus sin mar a bhí an sgéal le na daoine ó nár goideadh an páisde, a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mrs French
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    71
    Seoladh
    An Éill, Co. Mhaigh Eo