Scoil: Gleann Coirib (uimhir rolla 6763)
- Suíomh:
- Gleann Coirib, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Hargadáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Coirib
- XML Leathanach 312
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an mbliadhain 1847 bhí an gorta i nÉirinn. An bliadhain roimhe sin tháinic dubhcan ar na fataí agus milleadh go leor acu.
An bliadhain i na diaidh sin ní raibh acht beagán fataí sa tír agus an chéad bhliadhain eile ní raibh fata ar bith ag na daoine i gcóir síl acht amháin beagán a bhí le n-ithe acu.
An chruithneacht féin a bhí acu b'éigin dóibh í a thabhairt do riaghaltas Shasana leis an gcíos a íoc agus fágadh iad gan rud le n ithe.
Dhíol siad a gcuid stiuc le beatha a cheannacht agus nuair a bhí an t- airgead caithte thosaigh siad ag goid mar ba mhaith leó mharachtáil chomh fada agus d'fhéadadar.
Théigheadh siad amach agus rómhradh siad coinnleach ag iarraidh bliosgán a fhághail - sé sin fréamhacha fada bána - agus annsin bhruitheadh siad iad agus d'itheadh siad iad.
Bhí fir, mná agus páistí ag fághail bháis leis an ocras agus nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Nuadháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muine Feileastran, Co. Mhaigh Eo