Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 231
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fathach ins cómhnuidhe i Lios Bail atá in aice lé Guirtín. Bhí sé chómh mór sin go raibh sé cromtha. Bhí a máthair ina cómhnuidhe leis. Gach lá chuaidh an máthair amach lé biadh a fhághail dó. Lá amháin chuaidh sí amach, agus thosuigh an bháisteach go h-an trom. Chuaidh an bháisteach isteach ag doras an chaisleáin. Tháinig fearg mhór ar an bhfathach, agus d'iompuigh sé an caisleáin thart. Nuair a chonnaic a mháthair an caisleán agus gan aon doras ann, d'imthigh sí.
    Fuair an fathach bás, nuair a fuair sé amach go raibh an máthair imighthe. Chuala a dhearbhráthaireach go bhfuair sé bás. tháinig síád cuig an gchaisleán. Bhí an caisleán faoi ghlas aige, sul a bhfuair sé bás. Ní riabh síad in-don dul isteach ins an gcaisleán. Cuireadar cré thart ar an gcaisleán, go dtí go raibh cnoch mór déanta acú. Sé an t-ainm atá ar an gcnoch. "Cnoc an Fhathaigh", agus té sé lé feicéal míle ó thuaidh ó Sruthair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa Ní Mhaoldúin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sruthair, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Martin Muldoon
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    61
    Seoladh
    Sruthair, Co. Mhaigh Eo