Scoil: Sruthar (C.)
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sruthar (C.)
- XML Leathanach 188
- XML “An Nogadóir - Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó, agus fadó a bhí. Bhí roinnt maith fiacha air., bhí an cíos le níoc aige, agus a lann earraidhe i siopaí. Do chuir sé gort maith cruithneachta dó féin. Do tháinig na daoine seo a bhí na fiacha acú air, ag iarraidh air iad d'íoc. D'iarr sé am ortha go ndíolfadh sé an cruithneacht. Nuair a bhían cruithneacht aibidh aighe do réidhrigh sé í féin lé h-aghaidh and mhargaidh. Do thóg sé cairt go Tuaim go moch ar maidin. Nuair a bhí sé in aice le Gleann Seabhac, casadh fear air, agus dubhairt sé go gceanneócadh sé an cruithneacht. Rinne sé an margadh. Do thóg sé é isteach i mbóthar mór breagh, bóthar nach bhfaca sé riamh roimhe sin.
Nuair a chuaidh sé isteach bhí caisleán breagh roimhe, agus do thóg an fear a bhriocfeásta dó. Mar gheall go raibh sé ina shuidhe go moch an mhaidin sin, do thuit sé ina chodladh, agus níor dhúisigh sé ar feadh bliadhna. Do shíl a bhean go raibh sé caillte, agus bhí sí ag dul i bpósadh, nuair a bhí an bhlian caiththe bhí sí bocht, agus sí an t-airgead-pósadh a bhí aice chun a tabhairt don sagart, muc. Bhí faitchíos ar an sagart go mbeadh fhios ag na daoine an chaoi a d'íoc an bhean an pósadh, agus do chuir sé a buachaill i gcoinne na muice sul ar éirigh na daoine ar maidin.
Do dhúisigh an fear a bhí imithe leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Ceileacháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- James Keleghan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60