Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 186
  3. XML “An Nogadóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San tseanaimsir deirthear go mbíodh na sídheóga ag dul thart san oídhthe ag déanamh díogbháil ar na daoine. Dream go raibh cómhacht draoidheachra acú do bheadh na sídheóga, do bheadh na sídheóga do cómhnuigh síad ins na liosanna. D’innis mo athair sgéal dom agus dtaobh cleasa a d’imrigh na sídheóga ar lanamháin-nua-phósta, mar deirthear go mbiodh dearg-ghráin ag na sídheóga ar an mbrigh-nua phósta. San am sin bhíodh na daoine ag déanamh soithigh ar a tugtai noganna, agus bhí síad dhá dhíol iadh. Oidhthe amháin bhí fear dén t-sórt seo ag teacht abhaile ón mbaile Mór, agus cúpla noganna aige. Bhí a sháith ólta aige, agus thuit sé ina chodhladh. I gceann tamaill tháinig sídheóga slighe, agus dhúsaigh síad an nogadóir. D’innis síad dhó go raibh síad ag dul chuig bhainfhéis a bhí san áit an oidhce sin, chun an bhrigh-núa phósta a thabhairt ar siúbhal leo. Dubhairt siad leis nach mbeidh siad in-don an deas agus gabháil gan duine beo a bheith leóbhia, agus nach leighfeadh síad abhaile é, agus go mbeadh air teacht chuig an mbainfhéis leóbhra. Bhí triobhlóid mór ar an bhfear bocht ach ní raibh-aon dul as. D’imthigheadhar leóbhra go dtí teach an bhainfhéis, agus an nogadóir bocht leobhra. Suas leo go léir ar na maidí-ceangail san tíg. Cuaidh gach rud ar aghaidh go maith go ceann tamaill. Bhí an teach lán le daoine agus siamsa mór acú, ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhubhdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cathair na mBroc, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    James Dowd
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cathair na mBroc, Co. Mhaigh Eo