Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 159

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 159
  3. XML “Caoineadh Chú Chulainn i Sruthar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Caoineadh Cú Chulainn i Sruthar
    Nuair a bhí na trí cúigí buailte ag Cú Chulainn agus iad go léir faoi chois aige, dubhairt sé go dtabharfadh sé aghaidh ar Chúige Uladh. Bhí sluagh mór gaisgidheach in éinfeacht leis. Sul má d'fhág sé Cúige Laighean bhí a bhean ag súil le clann, agus thug sé fáinne dí, agus dubhairt sé leithi dá mba mac a bhéadh aice gan é a ligint as a h-amharc in áit ar bith, nó go mbéadh a mhéar i ndon an fáinne sin a líonadh, agus nuair a bhéadh, cead a chinn a thabhairt dó.
    Nuair a bhí sé in aois fiche bliadhan, bhí sé chomh mór le faitheach, agus rinne ladhaircín a láimhe an fáinne do líonadh. Agus é ag fás suas faoi chúram a mháthair, chuala sé tracht go minic ar na gníomhartha a rinne a athair, Cú Chulainn. Dubhairt sé nach stopfadh sé go deo go rachadh sé fá dhein a athar go bhfeicfeadh sé cén sórt fear a bhí ann. Thug sé leis sluagh mór eile gaisgidhe tréana, agus thug sé a aghaidh ar Chúige Uladh. Siar i Sruthar, ar theórann Co. Mhuigeo agus Conndae na Gaillimhe a casadh ar a chéile iad (Sluaighthe Ulaidh agus sluaighthe Laighin, sluaighthe Cú Chulainn agus sluaighthe a mhic.) Chuir an dá gaisgidheach mór cath ar a chéile, agus d'aithnigh an mac an tAthair, ach ní raibh aithne ag Cú Chulainn ar a mhac.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Cú Chulainn (~40)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chatháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Miss Keane
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Choirbh Íochtair, Co. na Gaillimhe