School: Sruthar (C.)

Location:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sruthar (C.)
  2. XML Page 158
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
  4. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
  5. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhíos ceo le gealach nua is maith an cómhartha é. Ceo le sean ghealaigh is cosamhlacht báistighe é. Nuair a bhíos na cnuic i bhfad uainn ag féachaint i ngar dúinn is cómhartha báistuighe é. (From Father James Keleghan, 60yrs) (Treasa Ní Cheileacháin. Deirín).
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Nuair a bhíos an spéir dubh dorcha is cómhartha báistuighe é. Nuair a éirigheann an ghrian dearg is cómhartha droch-aimsire é. Tagann báisteach nuair a bhíonn a lán réalta ina an spéir. Tagann báisteach nuair a thuiteann sugha ó'n simléar. Nuair a éirigheann an tráthnóna socar ciúin, tar éis lae gairbh is cómhartha baistiughe é. Is cómhartha seaca nuair a thagas an spideóg go dtí an doras. Is cómhartha droch aimsire é nuair a lúigheann na préacháin i líne fada ar an mballa. (From Father Hugh Cahill, 60 yrs) (Máire Ní Cathail, Carramór).
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Bíonn fuaim na gaoithe faoi an doras nuair a bhíos an báisteach ag teacht. Nuair a bhíos sneachta ag teacht, bíonn an cat ag crónán ag an teine agus tagann an spideóigín cuig an doras. Bíonn an ghaoth an fhuar, agus an oidhche an dubh.
    Nuair a bhíos sioc ag teacht, bíonn na laetha geal agus bíonn a lán réalta ins an spéir ins an oidhche. Nuair a bhíos Cruach Phádraig le feiceál go soiléir is maith an cómhartha é. Nuair a bhíos a lán beacha a na bóithribh; sin cómhartha báistighe.
    (From Father Stepehn McDonagh 55 yrs) Caitlin Ní Dhonnacha, Ramdlinn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.