Scoil: Sruthar (C.)
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha rud i dtaoibh na h-aimsire a bhíos le cloisteál ó na sean daoine.
Nuair a bhíos druim an chait iompuighthe leis an teine, sin cómhatha báistighe. Nuair a bhíos an madra ag ithe an fhéir ghlais sin cómhartha baistighe freisin. Nuair a bhíos sutha ag tuitim anuas sin cómhartha baistighe. Nuair a bhíos fead leis an ngaoith sin droch cómhartha. Nuair a bhíos dath gorm tré an teine sin comhartha báistighe. Nuair a bhíos an cat ag sgríobadh ag an doras, sin cómhartha go bhfuil aimsear gharbh ghaothmhar ag teacht.
Nuair a bhíos na fainleóga agus na préacháin ag eiteall ós íseal sin cómhartha báistighe.
Nuair a bíos an Céathta iomluighthe ins an spéir, is droch chómhartha é. Nuair a bhíos an crotach ag sgread sin cómhartha báistighe. Nuair a théigheann an ghrian faoi agus sgamall thar timcheall uirthi, ní maith an cómhartha é. Nuair a bhíos fáinne tar timcheall na gealaighe, sin cómhartha baistighe freisin. Nuair a bhíos bogha -baistighe ins an spéir go moch ar maidin, sin cómhartha báistighe freisin. Nuair a bhíos na h-ainmhidhthe ag rith ó na cuileóga is cómhartha báistighe é. Nuair a bhíos na géana fiadhain ag eiteall go fairsing ins an spéir, is cómhartha seaca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Cheileacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- James Keleghan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo