Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí sé abhaile chomh tapaidh leis an buachaill. Ní raibh sé ibhfad go dtainig Maidhc leis an gcaoraigh, agus d’imtigh siad abhaile. Nodlaig comh maith leis an gceann sin ní raibh acu ariamh, agus mhair siad saidhbhir in a dhiaidh sin gan obair ar bith le déanamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seo sean sgéal d’innis m’athair dom lá. Bhí fear is a bheirt mac ann fadó. Lá amháin chuaidh an fear agus mac ar an aonach.
    Cheannuigh siad capall. Thugadar fiche punt air. Bhíodar ann sásta leis an gcapall, agus iad dá thiomáint abhaile.
    Nuair a shrois siad abhaile an oidhche sin, chuireadar isteach ins an stábla é. Thugadar féar tirm dhó agus chuadhadar isteach cun a ndinnéar. Nuair a bhí a sháith acu, suidheadar síos ag an teine, agus thosuigheadar ag cur síos ar an lá a bhí acu go dtí go raibh sé in am dóibh dul i gcodladh.
    Annsin d’innis an fear do’n mhac ba sine dul amach d’féach ar an gcapall. Chuaidh sé amach. Ní raibh sé ibfad nuair a tháinig sé arais, agus dubhairt sé go raibh an capall tinn. Annsin cuadhadar go léir amach, agus d’féach siad isteach ar an gcapall. Bhí sé in a sheasamh go ciúin cneasta, agus an féar go léir ithte aige. “Tuige ar shíl tú go raibh sé tinn,” ars an fear. “Mar ní raibh sé ag cogaint na círe” ars an mac!!
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muineacháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Goirtín, Co. Mhaigh Eo