Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Scéal (ar leanamhaint)
    "Tá sé comh maith dom a bheith ag imtheacht, a dubhairt Tomás. "Go seirbhighidh Dia dhuit" adubhairt siad leis. Nuair a bhí sé imthighthe dubhairt Micheál le Seán go noidfeadh siad na rudaí a bhí ina an gcónra leis an Mainistéar óg.
    "Imthigh tusa a Mhaidhc", adubhairt Micheál, agus goid caora agus rachaidh mise chuig an uaigh. Nuair a tháinig an oidhche d'imthigh na buachaillí bhí na rudaí tógtha as an gcónra ag Seán. Sheas sé ar bhárr an tuamba go bhfeicfeadh sé an raibh Maidhc an teacht.
    Chonnaic buachaill an Mhinistéar é agus rith sé abhaile, agus d'innis sé do'n Mhinistéar go bhfaca sé a mhac ar bhárr an tuamba. Ní riabh an sean Mhinisteár i ndon suibhal le fada an lá agus d'iarr sé ar an mbuachaill é a iomchur chuig an uaigh go bhfeicfeadh sé an raibh sin an fhírinne.
    Chuir an buachaill culaith bán éadaigh ar an Ministéar agus nuair a chonnaic Seán iad ag teacht, shíl sé go raibh Maidhc a bhí ann agus an chaora ar a dhruim aige.
    "An bhfuil sé reamhar?" adubhairt Seán. Reamhar nó craithre de, seo dhuit é adúbhairt an buachaill agus é ag imtheacht in a cos ináit an Ministéar nár shiubhal le seacht mbliana.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Céileacháin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Sruthair, Co. Mhaigh Eo