Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Béaloideas”
  4. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt dearbhráthair ina gcomhnuighe i gCill [na] Manach, Tomás agus Páid a b-ainm dóibh. [F]uair a n-athair bás agus tar éis sin bhíodh siad ag troid i gcomhnuidhe. Sa deire chuaidh Páid [as] an teach ar fad agus chuaidh se go dtí an roilig [i] mBaile na Mainistreach. Ar a dó dhéag a chlog [tha]inig cat mór bán amach agus dubhairt sé "Tá inghean an rí an-tinn agus dá leighseóchadh aon [du]ine í tiubharfaidh an rí míle punta dó. Tá uisce as an roilig á leighseóchaidh í". Fuair Páid an t-uisce agus chuaidh sé go dtí Pálás a Ríogh agus [l]eighsigh sé an cailín. Nuair a chasadh Tomás air d'innis sé dhó gach uile rud agus chuaidh seisin go dtí an roilig agus tháinig cat mór dubh amach agus dubhairt sé "Tá duine san roilig" agus tháinig [sé] go Tomás agus sróic sé i bpíosaí é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ó Cathail
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Ó Cathail
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
  2. Uair amháin bhí fear ina chómhnuidhe in aice le Gaillimh agus chuala sé go raibh trí potaí óir bhfolach i nDún Láir. Tháinig sé go bothar na acha agus casadh sean bhean air. D'iarr sé dí cá [?] na potaí óir i bhfolach. D'innis sé dhó an áit, agus dubhairt sí freisin go raibh easóg in a [?] ar cheann aca, cat ar cheann eile, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.