Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Béaloideas”
  4. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó ní chaitheadh na daoine bróga go mbíodh siad cúig bliadhna déag d’aois. Ní caitheadh na mná bróga acht ar an Domhnach. Is gnáthach leis na buachaillí na bróga a baint uatha sa Samhradh. Theigheadh na gréasaighthe thart chúig na tíghthe ag déanamh na mbróg. (Ri?)nneadh siad péire bróga in gach teach. Déanadh acu péire bróga do dhuine dá dtabhairfeadh sé (?)le mhaith dó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (Is?) é an t-ainm atá ar mo bhaile Cathair Mhór agus tá sé i bparáiste Cathair-lios gréain. Tá ocht dtighthe ann anois agus bhí an méid céadhna (an?)n fadó. Tá slinn ar sé cinn aca agus tá tuighe ar dá cheann aca. Níl acht aon fhear ann os cionn 70 de bhlianta agus níl mórán Gaedhilge aige. Ní féidir leis sgéalta i nGaedilg nó i mBéarla a innseacht. Micheál Mac Donnchada an t-ainm atá air. Níl ann acht fothrach (ti?)ghe amháin fágtha ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pól Ó Buadhacháin
    Inscne
    Fireann