Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Reachtaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
- XML Leathanach 054
- XML “Béaloideas”
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am fadó bhí tighearna talmhan ar a tugadh Murcadha in a thighearna ar an limistéar talmhan ar a tugadh Tóin a' Chúilín. Bhí sé in a cómhnaidhe i mBaile Átha Cliath. Thagadh sé gach blian ins an Earrach. Bhí meas mór ag na daoine air mar bhí sé an-lághach. An lá a bhíodh sé ag díol a chuid talmhan bhíodh sé in a lá mhór aca. Bhiodh seana gach dighe agus rogha gach biadh aca. Bhí smacht mhór aige ar na daoine freisinDinnis Máirtín Ó Ceóinín as Cathair Mhór faoí an tíghearna talmhan seo dhom.
- Ba iad na tighearnaí talmhan a bhí thart annseo fadó na Ciardhubháinigh agus na Cliffords. Comhnuigheadar i nDealgan. Ciardhubháíneach a rinne an teach ann. Ba uncal do de Clifford an Ciardhubháineach agus thug sé an teach dhó nuair a bhí sé ag fághail báis. Cuireadh an Ciardhubháineach i nDealgan ins an tuama. Tá an tuama sin le feiceál fós. Nuair a bhí sé cúpla bliadhna churtha i nDwealgan tógadh é agus cuireadh é ins an roilig i Sruthar. Deir na daoine go bhfuil carráiste le feiceál ag dul ó Dealgan go Sruthar thart ar an dhá dhéag a clog ins an oidhche agus ceithre capaill gan ceann ar bith orra agus an Ciardhubháineach ins an gcarráiste.
- Bailitheoir
- Tomás Ó Cnámhtáin
- Inscne
- Fireann