Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Story”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear go raibh eascú an-mhór i Loch Laogh uair amháin agus bhí sé comh mór sin go raibh sé in ann beithidheach a thabhairt ón dtalamh isteach sa loch. Bhí feilméar in a chomhnuidhe in aice leis an loch agus bhí bó aige. Bhíodh laogh ag an mbó gach bliadhan agus thagadh an eascú suas ón loch agus thógadh sé an laogh leis. Tháinig fearg ar an bfeilméar agus dubhairt sé leis an maor dá mbheadh an beithidheach tógtha an uair seo go marbhóchadh sé é. Chuaidh an maor go gabha agus rinne sé claidheamh dhó. Chuaidh an maor go dtí an áit an raibh an bhó agus ag a dó dhéag a chlog an oidhche tháinig an eascú suas go dtí an áit a raibh an bhó. Bhí an maor annsin agus bhuail sé buile uirri. Chas an eascú suas agus chuaidh sí go dtí an loch agus nuair a chuaidh sí isteach ins an loch chas an t-uisge dearg le fuil. Ní fhaca aon duine an eascú tar éis sin. Sin é an fath a tugadh Loch laogh ar an loch sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. When St. Patrick was building a church in Donaghpatrick there were no stones near them and they had no horses to draw them to the church. One day when St. Patrick was out walking he saw a giant and he asked him would he draw the stones to the church and he said he would if they would make him a dray. It was not long until they had the dray ready for him and he started to work. He was so strong that he could pull over a ton
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Paddy Gannon
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Sruthair, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Martin Gannon
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Sruthair, Co. Mhaigh Eo