Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Fadó bhí rí ina chomnaidhe i gCill na Manach. Bhí fathach mór i nGuirtín agus níor mhaith leis an rí cor ar bith. Lá amháin bhí an rí ag iascach agus tháinig an fathach thart ar an áit. Chonnaic sé an teach mor ina raibh an rí ina chomhnaidhe. [Ch]uaidh sé ann agus bhí saighdhiúirí ann. Bhí an fathach in ann rudaí mór a dhéanamh agus bhuail sé gach saighdhiúr, le maide draoidheachta agus annsin ghoid sé iad. Chonnaic [a]n rí an fathach ag imtheacht leis na saighdiúirí agus bhí brón mór air. Annsin rug breac [?] ar an baoite agus thóg an rí isteach é acht ní raibh sé marbh cor ar bith. Dubhairt [a]n t-iasc leis an rí. "Leig abhaile mé agus innseócaidh mé sgéal duit faoi an bhfathach". Rinne an rí é agus annsin léim an t-iasc ar bhruach na haibhne agus seo [i]ad na focla adubhairt sé. "Níl aon anam ag an bhfathach mar tá sé i bhfolach aige ins an gcrann mór atá taobh amuigh de'n caisleán atá aige. Tá giarrfaidh ins an gcrann agus ta lacha ins an ngiarrfaidh agus tá ubh ins \an/ lacha. Tá a anam i bhfolach ag an bhfathach. Tá tuagh mhór ins an gCaisleán agus má's féidir leat an crann a [l]eagadh leis tuitfidh an crann ar an dtalamh agus rithfidh an giarrfaidh amach. Bhí trí peataí ag an rí agus tóg sé leis iad. Gadhar seilge, Chuach agus mada uisce a bhí aige. Nuair a tháinig sé go dtí an caisleán thóg sé amach an tuagh agus l[e]ag sé an crann leis. Léim an giarrfaidh amach as. Rith an gadhar in a dhiaidh agus thóg sé go dtí an rí é. Léim an lacha amach as an ngiarrfaidh agus cuaidh sé suas ins an aer. Chuaidh an chuach in a dhiaidh acht nuair a rug an cuach ar an lacha l[e]ig [?] sé an ubh síos ar Loch Coirrib acht rith \an/ mada uisce go Loch Coirrib agus fuair s[é] an ubh. Thóg sé go dtí an rí é. Annsin tháinig an fathach agus bhí buile f[e]irge air. Chaith an rí an ubh leis an bhfathach agus fuair sé bás ar an bpuinnte.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Maoilmhichil
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Riain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dealgain, Co. Mhaigh Eo