Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Naomh Seosamh, Shrule | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

And sent them to damnation. The catholic church we do beleive For its built on a true foundation.
III
Tá sean séipéal i mBothar buidhe. Deirtear gue léigh Naomh Pádhraigh Aifreann ann nuair a bhí sé ag dul go cruach Pádhraigh.
IV
Tháinigh sidheóga cúide laighin go Cnoch Mágha le sidheóga Cnuich Mágha a mharbhadh. Bhí féasta mór roimh angeath agus i lár an fhéasta léim sidheóga Cnuich Mhágha ar sidheógha cúige laighin agus mharbuighcadar iad.
Dinnis Máire Ní Cnámhtáin liom
Tomás Ó Cnámhtáin

Sgéal.
Fadó bhí fear in a chomhnuidhe ins an gcaisleán i Sruthar da'r b'ainm dó "h-Iobard na Gliogar". Bhí féasta mór ins an gcaisleán lá amháin. Tháinig bean bocht go dtí an doras ag iarraidh rudaí. Chuaidh bean "h-Iobard na Gliogar" amach. Chas sí an bhean bocht ón doras acht dfhan an bhean bocht thart ar an áit. Chuir sí fear amach leis an mbean bhocht a ruaigeadh ón a theacht [?]. Glaoidh sí cróin agus agus muca óga ar an mbean bocht agus aolan. An céad inghean a rugadh ag bean "h-Iobard" Bhí ceann muice uirri. Nuair a dfás sí suas bhearfadh a h-athair pota óir agus an méid a bhí aige d'aon fhear a posadh a