Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Reachtaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus rudaí le ithe orra. Ar an mbealach tháinig ocras air agus bhain sé an corca den buidéailín agus d'ith sé a shaith agus chuaidh na rudaí isteach sa mbuidéailín arís. D'imthigh leis arís annsin gur tháinig sé go dtí an áit a raibh an teach agus ní raibh ann acht neantóga ag fás agus bhí na sean daoine curtha le fada an lá. Chuaidh sé suas go Cnoc a Dúinín agus bhí an diabhal ann roimhe. D'ubhairt an saighdiúir annsin "is minic a chuala mé go ndearna tú thú [?] féin comh beag le luch". "Is fíor dhuit" arsa an diabhal [< diabal] agus rinne sé é féin comh beag le luch agus chuir [< cuir] an fear isteach sa máilín é agus ní fhéadfadh é a teacht amach. D'imthigh an fear annsin go dtáinig sé go ceardcha agus bhí a lán gabha óga ann agus dubhairt sé leobhtha cén fáth a raibh siad annsin agus dubhairt siad nach raibh luach uirlisí aca. Dubhairt sé go dtabhairfeadh sé lauch uirlisí doibh da mbualadh siad an máilín agus leag sé ar an inneóin é agus bhuail siad é agus dubhairt sé go raibh a shaith buailte aca air agus leag sé i gcoirnéal é. Tar eis tamaill d'éirigh [< d'eirigh] fáinne as an teine agus chuir sé poll sa máilín agus tháinig an diabhal amach agus leag sé an balla ag imteacht leis. Chuaidh an fear go Flaitheas agus ní leigfeadh siad isteach é mar bhí cardaí aige. Chuaidh sé go h-Ifreann agus bhí faitchíos ar an diabhal roimhe. D'iomar sé(leanann ar an chéad leathanach eile)