Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Reachtaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'iarr sé lóistín [< loistín]. Dubhairt an duine uasal leis nach leigfeadh sé isteach é mar nach bfhéadfadh iad fhéin fanacht ann mar cloiseadh siad torann an-mhór ann agus dubhairt sé go leigfeadh sé isteach é dá bh'fhanfadh sé ann. Bhí teine mhaith síos roimhe agus bhí shaith lé ithe is le ól ann. Shuidh sé síos agus d'ól sé cúpla gloinne uisge beatha. Ag a dó dhéag a clog d'airigh sé torann suas sa staighre agus tháinig cónra síos tré an t-síleál dhó agus chaith sé é fhéin treasna an cónra agus thóg sé an "lid" den cónra agus bhí fear istigh ann agus chuir sé é chuig an teine gur theith sé é. Dubhairt an fear a bhí sa gcónra leis innseacht dá mhac go raibh pot óir ins an seomra agus a bheith a tabhairt óir do bhaintreach [< baintreach] a chuir sé féin amach go dtabhairfeadh sí maiteamhnas dó féin. Ar maidi[n] tháinig an fear agus a bhean [< bean] agus a clann isteach agus dubhairt sé an sgéal leó. [< diobh] Fuair síad an pota óir agus thug sé leis é. Thug sé a lán airgid [< airgead] don bhaintrea[ch] gur chuaidh sí síos ar a dhá glún agus thug sí maitheamhna[s] [< maiteamhnas] ó na croidhe don fhear eile agus fuair an saighdiúir an máilín agus an buidéailín agus an páca cártaí [< cáraí] a bhí aige in a leabaidh [< leabhaidh] aige agus d'imthigh sé leis annsin. Aon rud a rachadh síos sa máilín ní fhéadadh é a teacht amach agus nuair a bheadh ocras air ní fhéadadh acht an corca a bhaint as an buidéailín agus dá mbheadh seacht n-acra [< acra] sa bpáirc beadh sé líonta le éadach clár [< clar](leanann ar an chéad leathanach eile)