Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Táilliúir a Chuaigh ar Shiúl

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Tailliúr a chuaidh ar siúbhal
Bhí táilliúr ann fadó agus nuair a bhí an céard fóghluime aige dubhairt sé go ndeachaidh (rachadh) sé ar thóir oibre. Chonnaic sé sealbh míoltóga agus bhuail sé iad lé clár a bhí aige. Mharbhuigh sé na céadtha aca. Chuaidh sé go gabha geal annsin agus d’iarr sé de an ndéanfadh sé claidheamh dhó. Dubhairt sé go ndhéanfadh sé dhó é. Dubhairt an táilliúr annsin sgríobhadh air go bhfuil sé in ann na céadhta a mharbhú. Bhí sé cómh géar leis an rásúir agus sgóipeadh sé an cloigeann de dhuine ar bith leis an gcéad bhuile. Nuair a thug an gabha geal an claidheamh dhó d’iarr sé dhe céard é a pháighe. “Ní bhainfid mé aon pháighe dhíot” ars an gabha geal “acht cuirfidh mé mo bheannacht leat ar do bhealach.” “Beannacht leat” ar seisean. Bhí an táilliúr ag imtheacht leis nó gur tháinig sé go teach Fir Uasail. “Cén sórt rud é sin in do láimh” ars an fear uasal. “Sin claidheamh” ar seisean “agus muna marbh-óchadh sé thú leis an gcéad bhuile marbhóchadh sé go cinnte leis an dara bhuile”. “An bhfuil aon obair agat dhom” ars an tailliúr. “Ta” ars an fear usasal “bhéarfaidh mé obair dhuit” “Cén sórt oibre é” ars an tailliúir “Tá caisleán agam amuigh faoin dtuaith agus ní féidir lé aon duine comhnaidhe ann. Tá cúigear tar éis fághailt báis ann agus tá mé cinnte go geobhfaidh tú bás ann freisin. Tar liomsa go tosbáinfidh mé an Caisleán duit”. “Seo é an leabaidh in a raibh na fir in a luighe,” ars an fear uasal. “Fágfaidh mise do sháith le n-ithe do sháith le n-ol agus píopa agus tobac agus nuair bhéas mise ag fágáil seo cuirfidh mé an glas ar an doras agus fagfaidh mé tú istigh”. Tháinig an fear annsin leis an mbiadh. Dimthigh an fear arís agus chuir sé an glas ar an doras agus dubhairt sé “beannacht leat” bhí an tailliúr annsin go h-an spóirteamhail in a suidhe ar cathaor frámáilte ag caitheamh tobac agus ag ól uisge beatha. Nuair a bhuail sé dó-dhéag a chlog san oidhche tháinig trúir fir agus cónra aca. Táinigeadar anuas an staighre agus dfhágadar an cónra in aice leis an tailliúr agus níor labharadar focal leis. Chuadar suas an staighre arís annsin dubhairt an táilliúr go bhfeicfeadh sé céard a bhí sa gcónra agus dfhoshgail sé é. Bhí fear ins an gcónra agus bhí féasóg air. Bí sé cómh fuar leis an leac-oidhre agus thóg sé suas é agus dubhairt sé go dteitheadh sé é leis an teine. Ní raibh sé in ann é a theitheadh agus chuir sé ins an leabaidh é. Bhain an fear an féasóg uaidh annsin agus fuair sé greim fiacla as gualann an táilliúra. “Ná déan é sin” ars an tailliúr. D’iarr sé an greim a bhaint as agus rug an bheirt ar a céile ins an leabaidh. Bhí siad ag troid agus ag marbhú a chéile nó gur thuit siad ar an urlár. “Beannacht leat” ars an fear anois, “tá mise réidh leis an saoghal seo” “Go soirbhighe Dia dhuit” ars an táilliúr “is dona an duine thú bheith in aon ácth áith” Dimthigh an fear suas an staighre agus an cónra ar a dhruim. Ní raibh ag teacht na trí fir ná an fear a bhí sa gcónra ón lá sin go dtí an lá seo. Tháinigh an máighistir ar maidin chúig an doras agus bhain sé an glas de “bhfuil tú beó” ars an fear leis an táilliúr. “Tá mé beó” ar seisean “fuair mé droch oidhche aréir” “bhéarfaidh mé an rud céadhna dhuit má fhanfaidh tú oidhche eile ann”. Dfhan an táilliúr oidhche eile ann agus ní fhaca sé rud ar bith ann. Dinnis sé don fear nach raibh rud ar bith ag corruighe ins an gcaisleán. “Bhéarfaidh mé an rud céadhna dhuit má fhanfaidh tú oidhche eile an liomsa.” Dfhan an táilliúr agus an fear an oidhche ann. Nuair dhúisigh an táilliúr ar maidin d’íoc an fear é agus amach ar an mbóthar leis mar an céad lá ariamh agus níl fhios agam céard a thárla dhó.
Dinnis Máirtín Ó Ceóinín ‘an’,
Catair-Mhór,
Cathair-lios Gráinne,
Gaillimh
an sgéal seo dhom
Pól Ó Buadhachán.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pól Ó Buadhacháin
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Máirtin Ó Ceóinín
Inscne
fireann
Seoladh
An Cheathrú Mhór, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge