Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Reachtaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An tailliúr a chuaidh ar siúbhal
Bhí táilliúr ann fadó agus nuair a bhí an céard fóghluim[e] aige dubhairt sé go ndeachaidh [< rachadh] sé ar thóir oibre. Chonnaic sé sealbh míoltóga agus bhuail sé iad lé clár a bhí aige. Mharbhuigh sé na céadtha aca. Chuaidh sé go gabha geal annsin agus d’iarr sé de an ndhéanfadh sé claidheamh dhó. Dubhairt sé go ndhéanfadh sé dhó é. Dubhairt an táilliúr annsin sgríobhadh air go bhfuil sé in ann na céadhta a mharbhú. Bhí sé cómh géar leis an rásúir agus sgóipeadh sé an cloigeann de dhuine ar bith leis an gcéad bhuile. Nuair a thug an gabha geal an claidheamh dhó d’iarr sé dhe céard é a pháighe. “Ní bhainfid mé aon pháighe dhíot” ars an gabha geal “acht cuirfidh mé mo bheannacht leat ar do bhealach” “Beannacht leat” ar seisean. Bhí an táilliúr ag imtheacht leis nó gur tháinig sé go teach Fir Uasail. “Cén sórt rud é sin in do láimh” ars an fear uasal. “Sin claidheamh” ar seisean “agus muna marbhóchadh sé thú leis an gcéad bhuile marbhóchadh sé go cinnte leis an dara bhuile”. “An bhfuil aon obair agat dhom” ars an tailliúr. “Ta” ars an fear uasal “bhéarfaidh mé obair dhuit” “Cén sórt oibre é” ars an tailliúir “Tá [< Tá] caisleán agam amuigh faoi'n dtuaith agus ní féidir lé aon duine comhnaidhe ann. Tá cúigear tar éis fághailt báis ann agus tá mé cinnte go geobhfaidh tú bás ann freisin. Tar liomsa go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pól Ó Buadhacháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtin Ó Ceóinín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Mhór, Co. na Gaillimhe