Scoil: Koilmore (uimhir rolla 14115)
- Suíomh:
- An Choill Mhór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin, bhi Fear ag Garrdha Éamuinn i m-Béal Átha h-Amhnais ar an aonach, lá Fheíle Phádhraic. D'ól sé a lán uisge beatha agus leinne duibhe an Feadh an laé.
D'Fhág sé an baile-mhor agus ghluaise sé go mall go dtí go d-táinig sé go Bricíní. Shiudh sé síos ar chlaidhe, agus thuit sé i n-a chodhladh. Duisigheadh é. D'iarr sé ar na daoinibh a dhuisigh é, céard a bhi ag teastáil uaithe. Dubhairt siad go n-inniscóchadh sead dho an rud a bhi ag teastáil uaithe. Iomchuradh 'san aér é go bárr Sliab Chairn. Chonnaic sé daoine annsin nach raibh fhios aige ortha. D'innis siad dhó go raibh air bean a éalúghadh, a bhi pósta an lá sin, agus sean-bhean a chur i n-a áit, a gheobhadh bás i dá lá. Ní raibh Fhios aige cén caoi a gheobhadh sé an bean, acht d'innis siad an rún dhó. Dheunfadh siad duine do-Fheicte dhe. Bhí air dhul go dtí an teach i n-a raibh an pósadh ar siubhal. Dá m-beadh sé i-n-ann sraoi a bhaint as an brídeach trí h-uaire, bhí sí Faoín smacht. Do sháith an Fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Patrick Prendergast
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Choill Mhór, Co. Mhaigh Eo