Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)
- Suíomh:
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Ó Reachtagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí Bean Uí Sioradáin fial flaitheamhail i gcomhnuidhe agus bhí dalladh aráin agus feola aici do gach duine a théigheadh isteach chuige. Thugadar go leor oibre do na boicht san mar feilméara laidre a b'eadh iad an uair sin. D'iarr an tighearna talmhan cuid den talamh orra acht níor éist síad leo. Thug Bean uí Sioradáin comhairle dóibh gan a dhul i ndlighe leis "mar" ar sise "Is fearr tighearna talmhan de tuighe ná tionóntuidhe daire." Ní ghlacadar a comhairle agus chuireadar an dlighe air.D'eirigh leis an tighearna sa gcuairt agus chuir costas an dlighe na Sioradáin ar an mbothar. Do bhí Uaitéar de Búrca i n-a comhnuidhe i sean bhaile i n-aice le Baile Gaedhealach. Tighearna talmhan mí-thrócaireach a b'eadh é agus mhéaduigh sé an cíos ar na tionontuidhthe mar bhí sé ag obair do thighearnaí eile agus fuair sé sgilling as gach punt a bhailigh sé. Mhéaduigh sé an cíos i gCill Mhidheáin freisin ionnus go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brígid Ní Fhlanagan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Sean P. Ó Flannagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo