Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)
- Suíomh:
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Ó Reachtagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine)
- XML Leathanach 688
- XML “An Fíodóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do chaith sé achar maith iad. Annsin cheangail an figheadóir na h-iarainn go léir le chéile thug sé a aghaidh ar an iarthar agus thosuigh sé ag feadaighil. D'fiafruigh an fathach de céard a bhí sé a' dhéanamh agus dubhairt go raibh sé ag ceapadh an t-iarann go léir a chaitheadh chuig a uncail, an gabha, go mbeadh sé úsáideach dó. D'innis an fathach dá máthair céard a bhí an figheadóir dhá dhéanamh agus gur stop sé é. Sé an trial deireadh a thug sí dóibh ná féachaint cé aca ba mhó a bhí goile aige. An oidhche roimhe sin fuair an figheadóir craiceann caorach agus chuir sé faoi a chuid éadaigh é, i ngan fhios dóibh. Do leag an máthair béile mór ós a gcomhair. Ní raibh an fathach i n-ann a chuid féin a chríochnú. D'ith an figheadóir a sháith agus chuir sé an méid a bhí fágtha isteach i gcraiceann na caorach, i ngan fhios dóibh. D'iarr máthair an fhathaigh ar an bhfigheadóir cé'n caitheamh aimsire a ba mhaith leis tar éis a dhinnéir. Dubhairt an figheadóir go mba gnáthach é féin a fhosgailt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhichíll
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Donnchadha Ó Michíll
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe