Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)
- Suíomh:
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Ó Reachtagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine)
- XML Leathanach 687
- XML “An Fíodóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-uisge. Dubhairt sé léi go raibh sé ag tabhairt an tobair ar fad leis acht nár leig an fathach dó a dhéanamh. An céad lá eile chuir sí go dtí an coill iad féachaint cé aca ba mhó a thiubhradh ádhmad abhaile. Fuair an figheadóir an oiread ropaí ins an áit is a b'fhéidir leis agus d'imthigh leis. Do tharraing an fathach crann agus thosuigh an figheadóir ag ceangailt na gcrann uilig sa gcoill le chéile.D'fiafruigh an fathach de céard a bhí se a' dhéanamh agus dubhairt sé go raibh sé ag tabhairt an ádhmuid ar fad sa gcoill abhaile leis acht stop an fathach é agus dubhairt "Má thugann tú an t-ádhmad ar fad leat dóighfidh muid ró thapaidh é agus ní bheidh ádhmad ar bith againn annsin. Nuair a chuaidh sé abhaile arís d'innis sé a sgéal do mháthair an fhathaigh. Sé an treas gníomh a thug sí dóibh le déanamh ná cé aca a b'fhaide a chaithfeadh an t-iarann ba thruime. Bhí garrdha i n-aice na háite agus bhí sé lán d'iarann. Thóg an fathach dhá phíosa agus leath chéad méadhchaint i ngach ceann aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhichíll
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Donnchadha Ó Michíll
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe