Scoil: Baile an Daingin (C.) (uimhir rolla 4828)
- Suíomh:
- Baile an Daighin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire de Staic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Daingin (C.)
- XML Leathanach 409
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal
Fadó bhí tobar breágh fíor uisce i bpáirc agus bhí Áltóir in aice leis agus san Áltóir sin seadh léigheadh an t-Aifreann nuair a bhí fán ar ár sagairt, nuair a bhí na peanadluighthe 'na gcoinnibh. Deirtear gur ins an tobar sin do dhéineadh na sagart na leanbhaí do baisteadh. Bhí sé de nós ag mnáibh an bhaile a gcuid éadach salach do thógaint go dtí an tobar chun iad a nígheadh le h-ais an tobair. Béigean dóibh iad go léir do chur ar mhaos an oidhche roimh ré, agus lá in-a dhiaidh sin gallúnach do chuimilt díbh.
Tharla go ndeachaidh bean leisgeamhail chuig an dtobar lá agus shíl sí gur mhaith an t-seift í, na héadaigh do caitheamh isteach san tobar ar fad. Do rinne, agus do bhain sí dhí pé-lobaiste a bhí uirthe agus do léim sí isteach san tobar. Do shiubhal sí ar na héadaigh is do rinne sí sobal breágh gallunaigh ortha. Ba(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Kathleen Hynes
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Log an Lisín Theas, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mr Michael Devane
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- An Baile Gaelach, Co. Mhaigh Eo