Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
- XML Leathanach 185
- XML “Seanráite”
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)187 Tosach coille agus deireadh bogaigh.
188 Troid na mbó maol.
189 Triur gan riaghal – bean – muile agus muc.
190 Trom cearc i bhfad.
191 Tuigeann fear leigheann leath-fhocal.
192 Tuisleann saoi.
193 Tuar gorta gailsíon a’s gairbh-síon.
194 Tuar fogla fearthainne dian.
195 Tuige an áith ar an muileann.
196 Uabhar gan tairbhe,
[197] Ualach giolla na leisce.
[198] Uaisleacht gan suibháilce
[199] Uisce d’iomchur i gcriathar. - Seo iad na h-ainmhidhthe ata again – ba, capaill, caoirigh, asail, gabhair, muca, madaidh, cait, lachain, géabha agus franncaigh, Ainmneacha na mbó :- an mhaol, an bhó dhubh, an bhó óg, an riabhach, an bhó ghorm, bess, Muiris, bó Uí Maolaithche, Cuibí, bó uí Linne, bó Uí Chléirigh agus mar sin de. Nuair a bhínn a dtiomaint deirim – habha, h-ord amach agus hursa. Ar teach na mbó tugtar an oró no oró na mbó. Cuirtear greabhar nó moin bháin raithneach, luachar, cochan fraoch, sean fhéar tirm agus tuighe na gcruach mar easair faoi na buaibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann