Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)

Suíomh:
Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Maoilearca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Seanscoileanna”
  4. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Faoi an am seo chuir Naomh Cholmán a bhí i gceannas i Muigheo beirt mhana go Teach Chaoin agus cuireadh sgoil eile ar bun annseo. Bhí scoil ar bun i mBaile an Tobair agus deirtear gur annseo a h-oileadh Alfred The Great. Deireann cuid eile gur i Muigheo na Sacsan a h-oileadh é. Bhí sean scoil eile ar bun in Ahena.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is iomdha sean cheardanna a bhiodh ins an áit seo fada agus maireann cuid aca fós.
    Coinnle.- Deanntaí coinnle de gheir caorach agus luachair. Bhaintí an craiceann de’n luachair tar éis a ghearradh. Leagtaí an gheir i sean phota agus tumtaí an luachair ins an ngeir agus fágtaí amuigh fén ngréin é annsin go mbeadh se tirim. Do lastaí na breabanna san oidhche d’réir mar theastóchadh siad.
    Ciseáin. – Fadó deantai ciseáin, cléibh agus baiscéid as crann sailighe, Tá an ceárd seo ar bun ins an gceanntar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Maoilearca
    Inscne
    Fireann