Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchus I dTaobh Na h-Aimsire
Fadó bhí a lán eolais ag na daoine i dtaobh na h-aimsire agus bhí fhios aca nuair a bhéadh athrú ag teacht ar an aimsir.
Nuair a bhíonn fearthain ag teacht bíonn na néalta dubh agus íseal agus bíonn fáinne buidhe thart ar an ngealaigh agus í an chómhgarach dí agus shílfeá go mbeadh na sléibhte an chómhgarach duit.
Nuair a chorruigheann tú an ghríosach san oidhche má bhíonn dath gorm air deirtear go mbeidh baisteach again sar i bhfad. Má thuiteann súithche anuas an similéar sin comhartha baitsighe. Mara mbíonn an similar ag tarraingt go maith deirtear gur comhartha baistighe é sin freisin. Má luigheann an cat in aice na teine agus a dhruim leis sin comhartha báistighe. Má bhíonn an toit ag dul suas díreach sa spéir ón(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann