Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 98

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 98

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 98
  3. XML “Féilí na Bliana - Aimsir Bheannaithe na Nollag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Féilí na bliadhna
    Aimsear Bheannaithe na Nodlag
    ‘Se an Nodlaig an féasta is mo sa bhliadain. Bíonn sé ar siubhal o Oidhche Nodlag go dtí i lá Nodlag beag agus lá saoire isead gach aon lá den dá lá déag san.
    Ins an áit iargcúlta seo tagann áthas croide gach duine nuair a bhíonn an Nodlag ag teacht agus ní dhéintear aon obair i rith na h-aimsire sin ach pé gnó tighe is riachtannach. Ní mór a bhíonn le déanamh an t-am sin den mblian ach féachaint i ndiaidh na mbó agus na mbeithidheach. Roimh teacht na Nodlag bimíd go léir ana ghnothach ag glanadh an tighe. Bhíonn m’athair taobh amuigh ag cur dín ar an tigh agus ag cur slacht is críche ar gach aon rud. Bhíonn mó mháthair taobh istigh go dícheallach ag dathú, ag nighe agus ag aolú fallaí in ónóir don Rí atá ag teacht.
    Cúpla lá roimh Nodlaig téigheann m’athair agus mó mháthair go dtí Caisléan-a-bharraigh agus beireann siad an “Nodlaig” abhaile leo agus bíonn ualach mór aca nuair a bhíonn siad ag filleadh abhaile. Bíonn té is suícra, oráistí is ubhla is milseáin, bairíní breaca, buidéal fuiscí agus a lán pórtair,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Nollaig (~455)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brigidh Ní Chuimilín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Áine Bean Uí Cuimilín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo