Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 89
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin agus chonnaic sé rud ag soillsuighadh mar gaethe gréine. Ceárd dhó bhí ann acht ór . Bhí an rud seo sgríobhtha ar an ór beir é seo abhaile leat más mian leat' Thug an fear abhaile leis.
Aon lá amháin bhí Brígidh Thomáis Mhóir a bhí in comhnuide i Largain . Bhí sí ag tabhairt aire des na buaibh thuas ar bhárr an chnuic . Bhí sí na suidhe ar chloich. Dhearc sí timcheall uirthi chonnaic sí ór. Do phioc sí suas cuid den ór agus thug si abhaile e . Chuir si an t-ór go dtí Baile Átha Clíatha chun airgead a dhéannamh leis . Chuaidh sí go dtí áit a bhfuair sí an tór acht ní raibh aon ór le fághail. - Tá áit in-aice mo thighe ar a dtugear "botháinín" mar fadó do bhíodh na sídhéoga in-a gcomhnuidhe ann. Maidin amháin bhí Micheál Ó Coinnigh, beannacht Dé le'n a anam, ag tiomáint a chapaill go dtí an páirc agus connaic sé na sídheóga ag nigheadh a gcuid airgid. Rinne sé carracht Bhreith orta act chuadhar as radarc.
Lá amhain bhí bean ag dul go dhtí Caisleán a bharraigh. Connaic sí sgata mr lachan feadhaíne in-aice(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nich Éil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mach Éil
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Leargain, Co. Mhaigh Eo