Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 237
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó deintí arán de mhín coirce. Do mheilidís an grán sa mbaile. Deireann na sean-daoine go mbeirbhuigheadh siad an coirce i bpóta mór agus sin é an chaoi a mheilidís é. Fadó déinidís arán le prataí agus déinidis caca eile ar a tugtar bocstí.
Sin é an chaoi a déinidís an bocstí. Ar dtús gheibhidís prataí beirbhuighthe agus bhrisidís iad. Annsin cuiridís uisge isteach chun iad meascú ar a chéile, agus chuiridís síos ar an greidill chun iad a bachail, annsin do chuiridís isteach i bpíosa eadaigh chun go bfaiscidís an t-uisge asta agus cuiridís na prataí isteach san gcaca agus sin é an caoi a deinidís bocstí. Cuiridís an t-arán ar an ngreidill .Amanta cuiridís crós ar na cacá chun nach ngoidfeadh na sideoga é. Bhí muileann i "gCouyaslin" timcheall mile o Pont-Abann chun an grainne a mheilt. Déintí sórt arain de mhin coirce agus cuiridí ins an luachra i agus nuair a thugaidís amach é bhíodh é an chruaidh agus tugadh "Tom steel" air. Nuair a bhíodh na daoine ag dul go hAmericu bhíodh caca ngreidill aca in a málaibh agus nuair a bhíodh muir galar ortha d'iosaidis an caca ngreidill.- Bailitheoir
- Máire Ní h-Éalaig
- Inscne
- Baineann