Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 222
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá botar ag dul threasna an phortaigh ar a dtugtar "An Lín Nua." Rinnead an bothar sin ins an droc-saoghal. Bhíodh na fir agus na mna ag obair ar an mbóthar sin agus gheibhidís sé pinghinn gach lá. Na fir ba láidre geibhidís se pinghinn na fir agus na mna laga gheibhidis trí pínginn. Rinneadh "An Líne Nua" ins an mbliadain 1841.
    Rinneadh an "bothar Seanbhaile" san mbliadhain 1908 sin trioca bliadan ó sin. Bhí fear darbh ainm Miceal O Mochain ag obair ar an mbóthar sin agus lá amhain tháínigeadar go tor sgeice agus dubairt na fir eile a bhí ag obair ar an mbóthar leis go raibh púca fe'n sgeich sin agus gan i gearradh. Acht rug Miceal greim ar an dtor agus thóg se an sgeich as a préamaca agus chaith sé isteac i páirc í.
    Bhí an firínne ag na fearaibh a bhíag obair le Mícheal mar fuair sé bás i gceann bliadhna.
    Uair amháín bhí fear ag dul thart ag díol té. Bhí capall agus cárr aige agus aon trathnóna amain bhí sé ag teacht isteac ó Seanbhaile. Nuair a bhí se a dul tar lúb a bhí san mbóthar do thosaig an capall ag rith. Rinne an fear a dhiceall cosc a chur leis an gcapall. Act ní raib sé in ann. Do bhuail an capall i nagaid an chlaide agus to thuit se ar an mbóthar. Do leím an cárr san aer agus do tuit se bun os cionn ar an talamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mártan Mac Cuimilín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Eoghan Mac Cormaic
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann