Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin in Éirinn fuair a lán daoine bás le ocras. Do bhí biadh ag cuid aca mar do cuireadar prataí acht uaireannta chuaidh na daoine a raibh ocras ortha isteach ins na páirceanna agus d'itheadar na sgiolláin as na h-iomaraibh.
    Aon lá amháin le linn an gortaigh bhí fear ag dul isteach í bpáirc agus do bhí díog idir an fear agus an páirc. Bhí an fear chomh lag sin is do thuit sé isteach sa díog agus fuair sé bás annsin.
    Tá páirc idir Gort agus Largan ar a tugtar "Gaírdín an Guirt" mar deirtear gur cuireadh a lán daoine annsin a fuair bás leis an ngorta.
    Is minic a chuala mé mo mháthair ag rád nuair a bhí an faobhras in Éirinn go marbhuigheadh na daoine na paistí óga ar maidin agus go gcuiridís an páiste a marbuighidís i bhfolach agus nuair a thagadh an oidhche deantaí teine mor le brosna agus fraoc. Nuair a bíod an teine lasta geibhtí an cáilín nó an buachaill a mharbhuigh siad ar maidin agus d'fagtaí ar an teine é. An fhaid is a bíodh siad gá rósta ar an teine bíodh átas ar na daoine a bíodh a' fanamhaint leis. Nuair a bhíodh an páiste réidh thogtaí amach é agus d'ithi é. Bíodh athair agus máthair an pháiste ag troid cun an páiste a fhághail do féin le n-ithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máiréad Ní Chuimilín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo