Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “Áitainmeacha”
  4. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá áit timcheall leath-míle ó mo theach darbh ainm COR-a-DEÓRÁIN. Fuair sí a ainm mar tá stráinséar curtha annsin. Deóraidhe dob eadh é.

    Tá páirc i nDoirín darbh ainm do "PAIRC an AONAIGH" mar bhíodh aontaighe annsin fadó.

    Tá cloc in aice le Droicead Pont-Abhann.
    "CLOC LUASGAIDH" an t-ainm atá air. Fadó bhí Naomh Padraig ar Néifin. Caith sé cloc síos annsin ín dhiaidh athar nimhe. Nuair a thuit an cloc síos ghreamuigh sé de cloich eile agus cé go mbíonn sé ag luasgadh anonn is anall ní thuiteann sí. Deirtear gurbh é cumhact Naomh Padhraig atá 'ga coingbéal annsin.
    Caitlín Ní hÉalaigh (rang a 5)
    Pont-Abhann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Pontún, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Caitlín Ní hÉalaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Pontún, Co. Mhaigh Eo
  2. "CÚL na CARRAIGE" is ainm do pháirc amháin mar tá sé ar cul carraige moíre.
    "LÚIBÍN is ainm do ceann eile mar tá lúb mór ann.
    Is é "BÉAL a BHÁIN" is ainm do cheann eile mar tá an talamh sin go h-án íseal agus tá cnuic ar gach thaobh de agus tá an gaoth fuar adtuaidh ag séideadh go geár ann i gcomhnuidhe agus bíonn dath liath bán ar.

    Tá carraig mór in-aice na h-aíte seo darbh dó "BUN RÍABHACH mar aon lá amháín tháinig beirt fhear chun ainmneacha a tabhairt dos noa cnocaibh agus na carraigreachaibh. Nuair a d'fhéac siad ar an gcarraig seo bhí sé clúduighthe le leac oidre.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.