Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 179

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 179
  3. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá paidreacha ag na sean-daoine nar fhoghluim siad ar sgoil. Nuair a bhíonn duine ag obair ins an pháirc no thart timcheall an tighe no ait ar bit agus ma bionn duine eile ag dul thart deireann se "Bail o Dhia ar do obair" agus deireann an duine eile arais do "Go mo h-é dhuit" Deireann na daoine gur ceart an paidir sin a rád
    Nuair a théigheann duine isteach i dteach a chomharsanach deireann se "Go mbeannuighidh Dia annso" agus deireann an lion-tighe Dia is Muire duit.
    Má theigheann tú isteach i dteach eile in mo cheanntar agus má bionn bean an tighe ag fuagháil má deireann sí leat snáth a chur isteach i cró na snáthaide agus má chuireann tú isteach e deireann sí "Go coimeada Dia radharc na súile dhuit."
    Má éirigheann storm agus má bíonn sé ag ag breith an fheir no coirce leis deireann na daoine "Dia idir sinn agus an anachain."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghidh Ní Chuimilín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Áine Bean Uí Cuimilín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo