Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 135
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór paidir ag na daoine ins an áit seo. Seo é paidhreacha beag a chuala mé. "Mo Iosa deánam gach rud i a ngrád leat. Mílis Croidhe a Iosa bhí mo grádh. Mo Iosa trochaíre.""A Thighearna Íosa Chríost, a dubhairt; iarraidh agus gheabhfaidh sibh; cuarthuighidh agus bhéirféar dhaoibh, tabhair dúinn claonadh fonmhar chum do ghradha ro dhiadha ionnas go n-gradhó-chamuis thú le n-ar g-croidhe, le n-ar m-beul, agus le n-ar ngíomarthaibh go h-iomlán agus go molfamuis thú gan scith le saoghal na saoghal Amen."
Nuair a bhíonn duine tinn le cúpla lá deíreann daoine eile "cé h-é bfhuil tú." Dubhairt an duine tinn. "Tá mé go maith buidheachas le Dia." Nuair a bhíonn daoine ag obair ins na paírceanna agus daoine eile ag siubhal thar an pháirc deir síad le na daoine a bhíonn ag obair "Báil ó Dia ar an obair" agus deir na daoine eile "gurbh amhlaidh dhuit." Nuair a bhíonn na daoine ag obair ar maidin abhrann siad. "Éirighim suas le Dia. Go n-éirighidh Dia liom. Lámh Dé 'mó thimcheall. Ag suidhe is ag luighe. Is ag éirghe dhom."- Bailitheoir
- Cáit Ní Rabhlaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo