Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 132
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Se Gort an t-ainm ata ar an mbaile in a bfuil me in mo chomnaidhe. Áit iargúlta is eadh e. Tá sé suidhthe i bparróiste Turloc agus i mbarúntacht Carra. Tá dhá theach déág in mo bhaile anois - cinn tuighte atá ar ocht gcinn aca agus cinn slinne atá ar na ceithre cinn eile. Do bhí a lán tighthe i nGort fadó agus tá na sean-fhoithrigh le feicéal fós. Acht nuair do connaic na " Congested District Board " chomh bocht is a bhí an talamh agus na tighthe cruinnuighthe le chéile do chuireadar chuid de na daoine suas go Balla agus roinneadar a gcuid dtalamh ar na tineontaithe a bhí fághta.Deireann na daoine go bfuair an baile seo an t-ainm sin Gort ó'n fochal " Field " i mbéarla. Cé go bhfuil an talamh sléibhteamhail agus bocht tá áiteanna imeasg na gcloch mór ina bhfuil barraí ag fás agus beathuightear caoirigh ar na sléibhthe agus díoltar an olann i mBéal Easa.Tá ceathrar sean-duine ins an mbaile áta os cionn 70 mbliain. Is é Seán Mac Rabhlaig an duine is beodha dhíobh. Tá féasóg fhada ruadh air agus tá sé chomh h-óigeanta le duine nach raibh thar an leithchéad. Tá a shúilí beodha geára glasa fós agus tá sé chomh díreach le slait. Tá sé in-ann móin a tharraint abhaile ó'n bportach agus na ba a thiomáint. Is e atá in-ann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brigidh Ní Chuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo