Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deireann na sean daoine nuair a bhíonn faínne buidhe timcheall na gealaighe go mbéidh se ag cur feartaine an lá n a diaidh sin. Nuair a bhíos na réalta go han geal beidh an la in-a-dhiiadh sin maith. Nuair a bhíos an cat in-a shuidhe ag an teine agus a dhruim leis an teine agus a aghaid amach bhíonn aimsear stoirmeamhail agus fluic ag teacht.
    Nuair a bhíos an ghaoth adtuaidh ag teacht, béidh sneachta ann nuair a bhíos sí ag teacht o dheas beidh se teas ann. Deirtear nuair a bhíonn torann mór ag an traen go mbéidh sioc ann. Nuair a bhíos ceó ar na haibhnibh ins an maidin. Lá breág atá ag teacht nuair a bhíos ceó ar na sléibhe, lá fearthainne a bhéidh ann mar deireann na sean daoine "ceó doininne ar cnocaibh, seó soininne ar aibhnibh, ach amanta nuair a bhíos ceo ar na sleibhe trathnóna smahraidh dereann na sean daoine go mbéidh lá breágh ann, an lá in-a diaidh sin "ceo bán" a bhíos ar na sleibhte lá samhraidh.
    Nuair a taghann scata mhór faoileann as an bhfairrge steach i dtír, bionn storm mór ar an bhfairrge agus nuair cíonn na faoilinn an storm ag teac eitleann siad isteach i dtír.
    Ins an trathnóna nuair a bhionn an ghrian ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Martan Mac Chuimlín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo